Folúntas Bainisteoir in Ionad Mhachaire Rabhartaigh
Bainisteoir (Post Lánaimseartha)
Is comhlacht pobal bhunaithe é Togra Fiontar & Cultúr Uladh Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta, a fhorbraíonn cúrsaí sóisialta, cultúrtha, teanga, oideachais agus eacnamaíochta i gceantair Mhachaire Rabhartaigh. Faoi láthair tá an Comhlacht ag earcú:
Bainisteoir (Post Lánaimseartha)
Taithí / Scileanna Riachtanacha:
- Ard scileanna Gaeilge idir labhartha agus scríofa
- Ard scileanna cumarsáide agus idirphearsanta idir labhartha agus scríofa
- Taithí bainistíochta foirne
- Ard Scileanna cuntasaíochta/plé le buiséid/párolla
- Tionscnaimh a chomhordú agus a bhainistiú
- Taithí oibre i bhforbairt pobail
- Taithí ag plé le heagraíochtaí áitiúla pobail agus Stáit
- Ceadúnas tiomána reatha agus mód iompair
Dualgais:
- Freagra a ghlacadh de gach gné de smachtú airgeadais, riarachán, comhfhreagras agus fiosrúcháin an chomhlacht
- Bainistiú a dhéanamh ar Ionad Mhachaire Rabhartaigh, Teach Mhicí Mhic Gabhainn, An ionad súgartha agus an Gairdín Pobail.
- Comhoibriú agus ceangal le grúpaí pobail, eagrais reachtúil agus eagrais stáit
- Pleanáil Forbairt agus comhoibriú a dhéanamh ar chlár bhliantúil imeachtaí sóisialta, oideachas, teanga, cultúrtha agus chaitheamh aimsire
- Tuairisc mhíosúil a thabhairt don choiste stiúrtha
- Solúbthacht ó thaobh uaireanta oibre
Beidh an té a cheapfar sa phost lonnaithe in Ionad Mhachaire Rabhartaigh. Chun cur síos ar an bpost seol teachtaireacht chuig: tografiontar@gmail.com
Tá an post seo á mhaoiniú ag ‘Pobal’ trí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal
Iarratais le CV agus litir chlúdach roimh 5:00i.n. Déardaoin an 12ú Meán Fómhair chuig: An Chathaoirleach, Togra Fiontar & Cultúr Uladh CTR, Ionad Mhachaire Rabhartaigh, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 YF90. Nó trí r-phost a sheoladh chuig: tografiontar@gmail.com