Forbairt Pobail Trí Bhaile
An Ghaeltacht Láir
Co. Dhún na nGall
Folúntas d’Oifigeach Forbartha
Is comhlacht nua-bhunaithe é Forbairt Pobail Trí Bhaile a bunaíodh mar scátheagraíocht
fhorbartha pobail do cheantair Bhaile na Finne, Na Dúchoraidh agus an Éadán Anfaigh.
Beidh an comhlacht seo ag obair leis na cistí forbartha uilig sa mhórcheantar le
gníomhaíochtaí forbartha pobail a aontú /a ullmhú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn
comhtháite ar son na gcoistí céanna sin agus ar son an phobail.
Tá sé i gcéist ag an chomhlacht Oigigeach Forbartha a earcú le cuidiú le coistí forbartha an
cheantair (1) a gcuid pleananna /clár oibre féin mar choistí a chur i gcrích agus (2) tograí
forbartha úra a aimsiú i gcomhar leis na coistí sin a mbeidh tionchar dearfach acu ar an
cheantar /ar leas coiteann an phobail.
Beidh na tréithe / scileanna / cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir a n-éireoidh leis / léi:
● Gaeilge líofa labhartha agus caighdeán maith i scríobh na Gaeilge
● Taithí oibre trí bliana ar a laghad i bhforbairt pobail
● Cáilíocht tríú leibhéal / taithí i mbainistíocht, gnó, forbairt pobail nó earnálacha
gaolmhara
● Taithí ag aobair le hoibrithe deonacha
● Sárscileanna i gceannaireacht, i mbainistíocht, i gcumarsáid agus sárscileanna
idirphearsanta
● Sárscileanna maithe riaracháin agus ríomhaireachta (Word, Outlook, Excel & rl)
● Scileanna maithe ag scríobh tuairiscí
● Láncheadúnas tiomána glan agus fáil ar charr
Is post lánaimseartha ar chonradh rollach bliantiúl é seo, ag brath ar mhaoiniú a bheidh ar
fail. Is rogha é oibriú ón mbaile mar chuid den phost.
Íocfar tuarastal sa réimse idir €35,000 - €40,000 sa bhliain leis an chonradh ag brath ar
thaithí.
Seol iarratais mar aon le CV chuig an seoladh thíos roimh 4.00i.n. Dé hAoine 10ú Eanáir 2025
Iarratas chuig:
eolas@forbairtpobail3bhaile.ie