Líonra Leitir Ceanainn

Description

Cé muid? | Who are we?

Bunaíodh Líonra Leitir Ceanainn leis an Ghaeilge a spreagadh i Leitir Ceanainn agus níos faide i gcéin.  Mar chuid den ról atá againn mar cheann-eagras pleanála teanga, tá sé mar sprioc ag Líonra Leitir Ceanainn imeachtaí agus seirbhísí a chur ar fáil do gach cuid den phobal.  Eagraíonn Líonra Leitir Ceanainn imeachtaí teaghlaigh, oícheanta sóisialta agus go leor, leor eile. Faigh tuilleadh eolais maidir leis na himeachtaí atá ag teacht aníos anseo.  

Ceapadh Líonra Leitir Ceanainn le Plean Teanga a chur le chéile do Leitir Ceanainn mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ciallaíonn sé seo go bhfuil muid i mbun plean teanga a chur le chéile leis an Ghaeilge a spreagadh sa bhaile agus le cur leis na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge i Leitir Ceanainn.

Líonra Leitir Ceanainn was established to promote the Irish language in Letterkenny and further afield. As part of our role as a leading language planning organisation, Líonra Leitir Ceanainn aims to organize events and to provide services for all parts of the community. Líonra Leitir Ceanainn organises family events, social nights and much, much more. Additional information about upcoming events can be found here.

Líonra Leitir Ceanainn has been appointed to develop an Irish language plan for Letterkenny as a Gaeltacht Services Town. This means that we are currently putting together a plan which will encourage the use of the Irish language in the town and improve the services which are available through Irish in Letterkenny.